Conradh Na Gaeilge

An Déardaoin seo caite, tháinig athláithritheach ó Chonradh na Gaeilge anseo chun labhairt linn faoi spreagadh na Gaeilge agus deiseanna fostaíochta agus bealach chun staidéir as Gaeilge ag an tríú leibhéal. Láithreachas idirghníomhach a bhí ann le Clíodhna Nic Gafraidh.

Ar dtús báire bhí díospóireacht siúl againn. Chuir Clíodhna ráitis chugainn faoinár gcuid tuairimí agus bhain gach duine taitneamh as an ngníomhaíocht iontach seo. Bhíomar ag plé tábhacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Ina dhiaidh sin, chuaigh muid trí shleamhnáin Chlíodhna faoi na deiseanna fostaíochta agus na háiseanna atá le fáil timpeall na hÉireann agus ar fud an domhain. D’fhoglaimíomar go bhfuil Gaeltacht i gCeanada! Ní hamháin sin ach thaispeáin sí dúinn fíricí suimiúla faoi theangacha i mbaol. Ag an am seo tá thart ar seacht míle teangacha ar fud an domhain, ach i gcéad bhliain ní bheidh ach seacht gcéad fágtha, de réir tuairisc na Náisiún Aontaithe.

Chomh maith leis sin, luaigh Clíodhna tábhacht ár gcearta teanga agus na háiseanna gur féidir úsáid a bhaint as trí Ghaeilge. Rinne chuile dhuine sár-iarracht chun an Ghaeilge a labhairt an t-am ar fad agus bhuaigh roinnt dínn duaiseanna!

Go raibh míle maith agat Clíodhna agus Conradh na Gaeilge!

————–

Last Thursday, a representative from Conradh na Gaeilge came here to talk to us about encouraging Irish, employment opportunities and ways to study Irish at third level. We did an interactive workshop with Clíodhna Nic Gafraidh.

At first, we had a walking debate. Clíodhna gave us statements and we discussed our opinions about them and everybody enjoyed this brilliant activity. We were discussing the importance of Irish in the present day.

After that, Cliodhna made a presentation about the employment opportunities and the services that are available throughout Ireland and all over the world. We even learned that there is an Irish speaking community in Canada! On top of all this, she showed us interesting facts about endangered languages. At the moment, there are around seven thousand languages around the world, but in one hundred years, there will only be seven hundred left, according to a report by the United Nations.

As well as that, Cliodhna showed us the importance of our language rights and informed us of facilities that are available through Irish. Everyone made a great effort to speak Irish throughout the workshop and some of us won prizes for it!

Thank you very much to Cliodhna and Conradh na Gaeilge!