Tag Archive for: Irish

“Seachtain na Gaeilge” (“Irish Week”, in English) was actually celebrated over a two week period – that sounds mad but the country celebrates it for 17 days! Obviously, activities had to be carried out remotely and it was great to see so many pupils taking part in the various activities. We played “biongó foclóra” (vocabulary bingo) and had “tráthanna na gceist” (quizzes) during our Irish classes. Pupils, both those who study Irish and those who don’t, could enter a poster competition in which they were asked to illustrate one of three “seanfhocail” (proverbs). We received some wonderful entries; the winner was Isabella Treacy and Zofia Cannon-Brookes was awarded second prize. Pupils also entered a “tóraíocht taisce” (a treasure hunt) and answers had to be submitted by way of a collage. The winners were Cameron McKinley, Tabitha Larke and Rachel Shaw. Have a look at their amazing work below.

The Irish Department are also running a “Dialann Ghaeilge” (Irish Diary) competition, whereby pupils keep a record of the Irish they use and hear outside of the classroom for 14 days. The deadline for this has been extended until after the Easter holidays, so why not give it a go?! All prizes will be awarded to pupils after the Easter break.

Many words used in English in Ireland come from the Irish language and some of these were displayed on the College Twitter account and on the Irish Department’s new Instagram account @sccgaeilge. We would love it if you would follow us!

Bainigí go léir taitneamh as briseadh na Cásca agus táimid ag tnúth go mór leis na daltaí ar fad a fheiceáil ar ais ar scoil arís go luath! (Enjoy the Easter break and we are really looking forward to seeing all pupils back at school again soon!)

Táimid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge ar aon leis an tír go léir. Ar ndóigh, caithfear na gníomhaíochtaí go léir a bheith déanta go fíorúil. Tá súil againn go nglacfaidh gach duine páirt – ní gá Gaeilge a bheith agat!

We are celebrating Seachtain na Gaeilge (“Irish week”, it actually lasts for two weeks!) along with the rest of the country. Obviously, all activities will have to be carried out virtually. We hope that everyone will take part –  you don’t need to know Irish!

  • Comórtas póstaeir: tarraing póstaer a leiríonn seanfhocal /
  • Toraíocht Taisce: faigh na rudaí ar an liosta agus déan colláis astu / Treasure Hunt: find the things on the list and make a collage from them.
  • Dialann Sheachtain na Gaeilge: tabhair faoi deara na focail agus nathanna nua a fheiceann tú, a fhoghlaimíonn tú, a chloiseann tú, a deir tú, a deir daoine eile, a sheolann tú / Seachtain na Gaeilge Diary: note down the new words you see, you learn, you hear, you say, others say, you send.
  • Focal an lae (15 Márta ar aghaidh): focail Gaeilge a choistear sa Bhéarla in Éirinn / Word of the Day (15 March onwards): Irish words that are heard in English in Ireland
  • Tráth na gCeist (sna ranganna Gaeilge idir an 1 agus an 17 Márta) / Table Quizzes (in Irish classes between the 1st and 17th March)
  • SCC Gaeilge ar Instagram: leathanach nua atá bunaithe againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo, spraíúil, thaitneamhach, nua-aimseartha. Lean muid! Beimid ag lorg ealaíontóirí a bheadh sásta pictiúr próifíle a dhearadh dúinn le linn Sheachtain na Gaeilge. / SCC Gaeilge on Instagram: a new page we have set up to promote Irish as a language that is alive, fun, enjoyable and modern. Give us a follow! We will be looking for artists to design our profile picture during Seachtain na Gaeilge.
  • Among Us as Gaeilge: Beidh daltaí na tríú bliana ag cur liosta foclóra le chéile ionas go mbeidh sibh ábalta ‘Among Us’ a imirt trí mheán na Gaeilge / Among Us in Irish: Third Year pupils will be putting a list of vocabulary together so that you will be able to play ‘Among Us’ through Irish.

Last week was ‘Seachtain na Gaeilge’ – where pupils and staff celebrated of the Irish language and culture. Below is a short report, as Gaeilge ages as Béarla from our Head of Irish Alison Maybury.

Form II pupils after their bodhrán workshop.

SEACHTAIN NA GAEILGE

Cheiliúramar “Seachtain na Gaeilge” sa tseachtain roimh Lá Fhéile Pádraig. Seans a bhí ann do na daltaí a labhraíonn Gaeilge spórt agus spraoi a bheith acu trí mheán na teanga agus bhí deis ag daltaí eile taithí a bheith acu ar chultúr na hÉireann.

Eagraíodh imeachtaí éagsúla sna ranganna Gaeilge. Bhain daltaí an-taitneamh as a bheith ag cleachtadh damhsaí nua-aimseartha (mar is léir ón bhfíseán gearr de dhaltaí ón Idirbhliain ag foghlaim na ngluaiseachtaí don “Dreoilín”!) agus roinnt de na seandamhsaí freisin. Chan siad amhráin, arís idir shean- agus nua-aimseartha, agus chuaigh siad san iomaíocht a chéile le tráth na gceist. Bhailigh daltaí le chéile sa tob-Ghaeltacht ag am lóin i rith na seachtaine chomh maith le haghaidh comhrá agus spraoi. Chuir daltaí ón Idirbhliain isteach ar thráth na gceist Gaeilge agus tá siad ag súil le ticéid a bhuachan don fhéile ceoil “Groove” i dTeach Chill Ruaidhrí.

Bhí fuaim iontach treibheach le cloisteáil ar an Máirt nuair a d’fhoghlaim daltaí ón réamhrang, Bliain I, II agus V conas an bodhrán (uirlis thraidisiúnta) a sheinm le Robbie Walsh ó The Bodhrán Buzz. Ghlac Nyla Jamieson, Henry Carroll, Éile Ní Chianáin agus Poppy Somerville páirt i gCraobh Náisiúnta Tráth na gCeist Boird i mBaile Átha Cliath an lá céanna. Níor bhuaigh siad ach rinne siad éacht dul chomh fada sin sa chomórtas!

Sa séipéal ar an gCéadaoin, sheinn André Stokes fonn traidisiúnta ar an bhfidil agus chan Emily McCarthy “Siúil, a Rún”. Léigh Kate Higgins agus Cian Slyne na dánta “Sneachta” agus “Mise Raifteirí” agus chan Aurora Higgins-Jennings aistriúchán den amhrán “Your Song” le Elton John, á tionlacan féin ar an bpianó. Chan daltaí ón réamhrang agus Bliain I “Amhrán na gCupán”, le Jamie Green agus Tadhg Rane Ó Cianáin ag canadh na véarsaí. Rinne siad go léir éacht!

Bhí seans ag na daltaí sóisearacha a gcuid eolais (nó easpa eolais!) faoi Éirinn agus cultúr na hÉireann a thaispeáint i dtráth na gceist i Seomra Mór na Scoile oíche Dé Chéadaoin. Bhí an bua ag Harry Petch, Boris Shvalov, Poppy Gleeson agus Elena Diaz-Leanta Sanchez.

Bhaineamar go léir taitneamh as imeachtaí na seachtaine agus táimid ag tnúth le Seachtain na Gaeilge 2019 cheana féin!

SEACHTAIN NA GAEILGE/IRISH WEEK

We celebrated “Seachtain na Gaeilge” in the week before St Patrick’s Day. It was a chance for the pupils who speak Irish to have fun through the medium of the language and an opportunity for other pupils to experience Irish culture.

Various activities were organised in Irish classes. Pupils really enjoyed learning modern dances (obvious from the short video of pupils from Transition Year learning the moves to “The Wren”!) and some of the old dances too. They sang songs, again both old and modern and they competed against each other in quizzes. Pupils got together in the pop-up Gaeltacht (Irish speaking area) at lunch time during the week for conversation and fun. Pupils from Transition Year entered an Irish quiz and they hope to win tickets to the music festival “Groove” in Kilruddery House.

A wonderfully tribal sound was to be heard on the Tuesday when pupils from Forms Primary, I, II and V learned how to play the bodhrán (a traditional instrument) with Robbie Walsh from The Bodhrán Buzz. Nyla Jamieson, Henry Carroll, Éile Ní Chianáin and Poppy Somerville took part in the National Table Quiz Final in Dublin the same day. They didn’t win but they did great to go so far in the competition!

In Chapel on Wednesday, André Stokes played a traditional air on the fiddle and Emily McCarthy sang “Siúil, a Rún”. Kate Higgins and Cian Slyne read the poems “Sneachta” and “Mise Raifteirí”. Aurora Higgins-Jennings sang a translation of “Your Song” by Elton John, , accompanying herself on the piano. Pupils from Forms Primary and I sang “The Cup Song” with Jamie Green and Tadhg Rane Ó Cianáin singing the verses. They all did really well.

There was a chance for junior pupils to show their knowledge (or lack of knowledge!) about Ireland and Irish culture in a quiz in the BSR on the Wednesday evening. Harry Petch, Boris Shvalov, Poppy Gleeson and Elena Diaz-Leanta Sanchez won.

We all enjoyed the week’s events and we are looking forwards to Seachtain na Gaeilge 2019 already!