, ,

Seachtain na Gaeilge 2018

Last week was ‘Seachtain na Gaeilge’ – where pupils and staff celebrated of the Irish language and culture. Below is a short report, as Gaeilge ages as Béarla from our Head of Irish Alison Maybury.

Form II pupils after their bodhrán workshop.

SEACHTAIN NA GAEILGE

Cheiliúramar “Seachtain na Gaeilge” sa tseachtain roimh Lá Fhéile Pádraig. Seans a bhí ann do na daltaí a labhraíonn Gaeilge spórt agus spraoi a bheith acu trí mheán na teanga agus bhí deis ag daltaí eile taithí a bheith acu ar chultúr na hÉireann.

Eagraíodh imeachtaí éagsúla sna ranganna Gaeilge. Bhain daltaí an-taitneamh as a bheith ag cleachtadh damhsaí nua-aimseartha (mar is léir ón bhfíseán gearr de dhaltaí ón Idirbhliain ag foghlaim na ngluaiseachtaí don “Dreoilín”!) agus roinnt de na seandamhsaí freisin. Chan siad amhráin, arís idir shean- agus nua-aimseartha, agus chuaigh siad san iomaíocht a chéile le tráth na gceist. Bhailigh daltaí le chéile sa tob-Ghaeltacht ag am lóin i rith na seachtaine chomh maith le haghaidh comhrá agus spraoi. Chuir daltaí ón Idirbhliain isteach ar thráth na gceist Gaeilge agus tá siad ag súil le ticéid a bhuachan don fhéile ceoil “Groove” i dTeach Chill Ruaidhrí.

Bhí fuaim iontach treibheach le cloisteáil ar an Máirt nuair a d’fhoghlaim daltaí ón réamhrang, Bliain I, II agus V conas an bodhrán (uirlis thraidisiúnta) a sheinm le Robbie Walsh ó The Bodhrán Buzz. Ghlac Nyla Jamieson, Henry Carroll, Éile Ní Chianáin agus Poppy Somerville páirt i gCraobh Náisiúnta Tráth na gCeist Boird i mBaile Átha Cliath an lá céanna. Níor bhuaigh siad ach rinne siad éacht dul chomh fada sin sa chomórtas!

Sa séipéal ar an gCéadaoin, sheinn André Stokes fonn traidisiúnta ar an bhfidil agus chan Emily McCarthy “Siúil, a Rún”. Léigh Kate Higgins agus Cian Slyne na dánta “Sneachta” agus “Mise Raifteirí” agus chan Aurora Higgins-Jennings aistriúchán den amhrán “Your Song” le Elton John, á tionlacan féin ar an bpianó. Chan daltaí ón réamhrang agus Bliain I “Amhrán na gCupán”, le Jamie Green agus Tadhg Rane Ó Cianáin ag canadh na véarsaí. Rinne siad go léir éacht!

Bhí seans ag na daltaí sóisearacha a gcuid eolais (nó easpa eolais!) faoi Éirinn agus cultúr na hÉireann a thaispeáint i dtráth na gceist i Seomra Mór na Scoile oíche Dé Chéadaoin. Bhí an bua ag Harry Petch, Boris Shvalov, Poppy Gleeson agus Elena Diaz-Leanta Sanchez.

Bhaineamar go léir taitneamh as imeachtaí na seachtaine agus táimid ag tnúth le Seachtain na Gaeilge 2019 cheana féin!

SEACHTAIN NA GAEILGE/IRISH WEEK

We celebrated “Seachtain na Gaeilge” in the week before St Patrick’s Day. It was a chance for the pupils who speak Irish to have fun through the medium of the language and an opportunity for other pupils to experience Irish culture.

Various activities were organised in Irish classes. Pupils really enjoyed learning modern dances (obvious from the short video of pupils from Transition Year learning the moves to “The Wren”!) and some of the old dances too. They sang songs, again both old and modern and they competed against each other in quizzes. Pupils got together in the pop-up Gaeltacht (Irish speaking area) at lunch time during the week for conversation and fun. Pupils from Transition Year entered an Irish quiz and they hope to win tickets to the music festival “Groove” in Kilruddery House.

A wonderfully tribal sound was to be heard on the Tuesday when pupils from Forms Primary, I, II and V learned how to play the bodhrán (a traditional instrument) with Robbie Walsh from The Bodhrán Buzz. Nyla Jamieson, Henry Carroll, Éile Ní Chianáin and Poppy Somerville took part in the National Table Quiz Final in Dublin the same day. They didn’t win but they did great to go so far in the competition!

In Chapel on Wednesday, André Stokes played a traditional air on the fiddle and Emily McCarthy sang “Siúil, a Rún”. Kate Higgins and Cian Slyne read the poems “Sneachta” and “Mise Raifteirí”. Aurora Higgins-Jennings sang a translation of “Your Song” by Elton John, , accompanying herself on the piano. Pupils from Forms Primary and I sang “The Cup Song” with Jamie Green and Tadhg Rane Ó Cianáin singing the verses. They all did really well.

There was a chance for junior pupils to show their knowledge (or lack of knowledge!) about Ireland and Irish culture in a quiz in the BSR on the Wednesday evening. Harry Petch, Boris Shvalov, Poppy Gleeson and Elena Diaz-Leanta Sanchez won.

We all enjoyed the week’s events and we are looking forwards to Seachtain na Gaeilge 2019 already!